Fúinn · About us

Chuir Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada tús leis an bhfeachtas spraíúil #TrasnaNadTonnta in 2017. Is í aidhm an fheachtais ná pobal domhanda na Gaeilge a nascadh le chéile, ar na meáin shóisialta. Idir glantosaitheoirí, iad siúd a bhfuil cúpla focal ar a dtoil acu, lucht líofa na Gaeilge agus cainteoirí dúchais, is mian linn deis a thabhairt do dhaoine cairdeas nua a chruthú trí mheán na Gaeilge. Cuirimid fáilte roimh rannpháirtíocht as gach cearn den domhan, chun ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga mhionlach seo agus í faoi bhláth.

Tionólfar sraith imeachtaí laethúla ar líne ar Zoom le linn sheachtain an fheachtais, ina measc; rang sean-nóis, ciorcail chomhrá, seisiún ióga as Gaeilge, seisiún aireachais as Gaeilge agus seisiún ceol traidisiúnta. Reáchtálfar comórtas grianghraif ar Twitter agus Instagram inar féidir duais €100 a bhuachaint. Bígí linn ar feadh na seachtaine agus glacaigí páirt sa gcomhrá domhanda, ar líne!

#TrasnanadTonnta ar X (Twitter) · #TrasnanadTonnta on X (Twitter)